Tús maith, leath na hoibre.

Tús maith, leath na hoibre… sin a bhéas foirne peile Meánscoil San Nioclás/Coláiste Chathail Naofa ag súil le tar éis an traenáil atá déanta le cúpla seachtain anuas.

D’imir an fhoireann faoi 15 bliana in aghaidh na buachaillí ó Chnoc Síon coicís ó shin, agus níl aon ionadh go raibh áthas ar bhainisteor Jason Ryan leis an dtoradh. Bhí an cluiche thart roimh leath am tar éis roinnt scóranna iontacha ó tosaithe MSN/CCN.

Bhí cluiche dúshlán ag an bhfoireann sinsir in aghaidh buachaillí De La Salle i bPort Láirge an tseachtain chéanna. Cé nach raibh an aimsir go maith nó an toradh deirigh do bhuachaillí an iarthar, is léir gur thraenál iontach a bhí ann dóibh in aghaidh foireann an-láidir.

Ní raibh aon cluiche sraithe ag na foirne an seachtain seo caite, ach níor chuir sé sin stop leis an dtraenál dos na foirne. Tar éis lón ar an Déardaoin bhí “blitz” ochtar an taobh thuas sa Rinn dos na buachaillí faoi 15. Bhí breis is daichead buachaillí ag imirt ar foirne ochtar an taobh. D’imir gach foireann sé chluiche, a mhair chúig nóiméad déag an cheann. B’iontach an rud é na lads a fheiceál agus iad tuirseach traochta tar éis tráthnónna Earraigh a chaitheamh amuigh faoin aer!

Tráthnónna dé hAoine bhí an seans ag na buachaillí sinsir beagáinín cleachtadh a dhéanamh faoi chúram bainisteoir na bliana, Jason Ryan. Thiomán Jason mionbhus amach go dtí an Rinn le hochtar ó CCN áit a raibh beirt dhuine dhéag ó MSN. Mhair an seisiún tuairim is uair go leath le béim ar scileanna láimhseála agus ciceála. Ba léir ón dearcadh a bhí le feiceál ar an bpáirc go bhfuil an dream seo dáiríre faoin gcorn a choimead san iarthar arís i mbliana.

 

Rinn Ó gCuanach, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge • Teil: 058-46464 • Faics: 058 46540 • Ephost: runai@meanscoil.com

Abhaile | Faoin Meánscoil | Seirbhísí Acadúla | Seach-churaclaim | Cartlann | Nuacht & Eachtraí | Teagmháil | Site Map

 

Site Design: Ambit Ireland