CRAOBH NA MUMHAN AG FOIREANN ÓRÁIDÍOCHT PHOIBLÍ

MUNSTER HONOURS FOR PUBLIC SPEAKING TEAM

Dé Luain seo caite thaisteal lucht na hIdirbhliana go Corcaigh le haghaidh Craobh na Mumhan den Chomórtas Óráidíocht Phoiblí, Fóram Naisiúnta um an Eoraip.  "The European Union: My Vision for Creating Jobs and Growth in Ireland" a bhí mar rún acu agus bhí an-chuid ullmhúcháin déanta ag an bhfoireann lena múinteoir, Áine Bean Uí Uigín. 

Nuair a shroicheadar Corcaigh bhí sceitimíní ar na daltaí go léir.  Bhuaileadar le Colm Burke, MEP agus thug se óráid sular thosaigh an comórtas.  Bhí Coláiste Naomh Clement ó Luimneach ann agus Coláiste Phobail Mhuire gan Smál ó Dhún Mánbhaí, Iarthar Chorcaí. 

Comórtas crua a bhí ann agus pointí suimiúla á dhéanamh ag gach cainteoir faoi mhionscrúdú na moltóirí, Niamh Hennessy (Iriseoir Gnó leis an Irish Examiner), An tOllamh Barry Brunt (Ollscoil Chorcaí) agus Grace O' Regan (Fóram Naisiúnta um an Eoraip).  Bhí gach foireann in ann labhairt ar son nó i gcoinne an rúin.  Labhair Áine Ní Dhuinn, Niamh Ní Bhroin agus Cáit Ní Chadhla ar son na Meánscoile.  Ar deireadh thiar thall thugadar an lá leo.  Tá gach éinne sa Mheánscoil an-bhródúil astu.  Guímid gach rath ar an bhfoireann i gCraobh na hÉireann i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar an 2ú Márta.  

Transition Year students from Meánscoil San Nioclás travelled to Cork last Monday to support their team in the Munster Public Speaking Final.  Áine Ní Dhuinn, Niamh Ní Bhroinn and Cáit Ní Chadhla faced stiff opposition from St. Clement's College, Limerick and Mary Immaculata Community College, Dunmanway.  The Meánscoil team had been well tutored by their English teacher, Áine Bean Uí Uigín, and emerged worthy victors.  The team will travel to Dublin Castle on Monday, 2 March in an attempt to bring the All Ireland Public Speaking crown to the West Waterford Gaelacht.  We wish them and their teacher every success in their preparation.

CÉAD ÁIT AG IAN Ó CUIRRÍN

IAN Ó CUIRRÍN WINS GOLD

Bhuaigh Ian Ó Cuirrín an chéad áit i Rásaíocht Trastíre Phort Láirge faoi 17 an tseachtain seo caite i gColáiste Naomh Agaistín, Dún Darbhán.  Dhein Ian éacht iontach ós rud é nach bhfuil se fós ach cúig bliana déag.  D'éirigh go maith le Réa Ó Ceallaigh, Ciarán Tóibín agus Conchúr Ó Donnabháin sa rás céanna.

Pictiúr 1: Cáit, Áine agus Niamh ag bualadh le Colm Burke, MEP.

Pictiúr 2: Cáit, Áine agus Niamh, a bhuaigh an chéad áit i gCraobh na Mumhan den Chomórtas Óráidíocht Phoiblí.

Pictiúr 3: Ciarán, Réa agus Conchúr le Ian Ó Cuirrín, a bhuaigh an chéad áit i Rásaíocht Trastíre Phort Láirge faoi 17

 

 

Rinn Ó gCuanach, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge • Téil: 058-46464 • Faics: 058 46540 • Ephost: info@meanscoil.com

Abhaile | Faoin Meanscoil | Seirbhísí Acadúla | Seach-churaclaim | Cartlann | Nuacht & Eachtraí | Teagmháil | Site Map

 

Site Design: Ambit Ireland