![]() |
|
Bua ag Meánscoil San Nioclás / Coláiste Chathail Naofa i gcraobh peile an chontae –A. Ó Raghnaigh. Bhí bua iontach ag an bhfoireann peile faoi 14 chun craobh an chontae a bhaint amach mí na Nollag seo caite. D’imir na buachaillí ón iarthar in aghaidh foireann láidir ón dTrá Mhór sa chluiche ceannais, seachtain roimh saoire na Nollag. Lá fuar agus gaofar a bhí ann, ar pháirc a bhí bog agus sleamhain i gCill Rosanta. Níor chuir an drochaimsir sin isteach ar an gcaighdeán peile a bhí le feiceál idir an dá fhoireann. Is iad tosaithe MSN/CCN a chruthaigh an difríocht idir na foirne áfach, le taispeántas scórála sa dara leath. Is é Fearghal Ó Ceallaigh ón Rinn a bhí mar chroílár ag na tosaithe sin, agus bhuaigh sé laoch an cluiche dá bharr. Bhí an corn toillte go maith ag muintir an iarthar tar éis dóibh an lámh in uachtar a fháil ar Chnoc Síon, Naomh Pól, Gaelcholáiste Phort Láirge agus Pobalscoil na Mainistreach roimh an cluiche ceannais. Bhí roinnt mhaith réamhobair déanta ag an bhfoireann chomh maith, idir traenál rialta agus comórtaisí dúshlánacha amuigh sa Rinn, rud a bhí an-soiléir ar an bpáirc imeartha. Is comhartha maith é an bua seo do thodhchaí na foirne sa scoil. Le formhór an fhoireann sa chéad bhliain, agus bainisteoir na bliana, Jason Ryan i bhfeighil orthu, tá seans go mbeidh níos mó le ceiliúradh as seo amach. |
||
| Rinn Ó gCuanach, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge • Téil: 058-46464 • Faics: 058 46540 • Ephost: info@meanscoil.com | ||
Abhaile | Faoin Meanscoil | Seirbhísí Acadúla | Seach-churaclaim | Cartlann | Nuacht & Eachtraí | Teagmháil | Site Map