COMÓRADH AN LEATH CHÉID

Tá Meánscoil San Nioclás ag comóradh an leathchéid i mbliana.   Glaoimid ar gach iar-scoláire teacht chun ceiliúradh linn ar an Satharn, 3ú Deireadh Fómhair.  

Clár an lae:

2.30 : Cluiche Peile: Na Seanfhondúirí i gcoinne na nÓgánach. Páirc Uí Shíochain, An Rinn

4.00 : Nochtadh na Leice: Halla de Hindeberg

6.00 : Aifreann: Séipéal na Rinne

Tar éis an Aifreann : Oíche Mhór sa Mheánscoil.

Fáilte mhór roimh gach iarscoláire agus cairde uile na Meánscoile.

Meánscoil San Nioclás will celebrate its 50 th Anniversary this year.   All past pupils and friends of Meánscoil San Nioclás are invited to join in the celebrations on Saturday, 3 rd October.  

 

STAIR NA MEÁNSCOILE

Riamh ó scoradh de obair na mean- scoile in 1918 bhí sé i gcinn baill áirithe den gcomhlucht gur chóir iarracht eile do dheanamh ar an ngné sin den oideachas do ath-thosnú ar mhaithe le Mntr. na Gaedhealtachta annso.

Deineadh plé ar an gceist ag cruinniú Cinn Bhliana 1957 agus cuireadh fiosrú ar bun agus ag cruinniú na bliana 1958, beartaíodh ar dhul ar aghaidh leis.   Cuireadh an Fear Mór, Cearbhall O Dálaigh agus an Dr. Oirmh P. de Hindeberg go dtí an sagart paróiste an t- Ath. Sean Ó Domhnaill chun an scéal do phlé leis.   Bhí an Mons. Seán Ó Céilleachair Oirm. ag tacú leis an mbeartas agus um Chingcís 1959, thug Easpag Phort Láirge agus an Leasa Mhóir a bheannacht do Mheán-scoil mheasctha do thosnú.   Ag an gcruinniú Cinn Bhliana 11/7/’59 cinneadh ar an scoil d’oscailt 8/9/ ’59 .

Gairmeadh cruinniú 19/5/’59 de roinnt ball de’n gcomhlucht agus roinnt tuismitheoir den gceanntar chun an obair do chur i gcrích.   Siad na daoine a fhreastal an cruinniú sin: An Dr. P. de Hindeberg Oirm. ( a toghadh ina Chathaoirleach), An tAth. Victor de Paor, Seán Ó Corraoin, Mícheál Ó Corraoin, Baile na nGall, Mícheál Ó Súilleabháin, Muiris Budhlaéir, Tomás Ó Faoláin, Úna Ní Pháirc, Domhnall Ó Cionnfhaolaidh, Nioclás Mac Craith (a thoghadh ina Rúnaí).

Do ghníomhaigh an 10 san, mar aon le Seán Ó Síocháin agus Mícheál Ó Domhnaill mar choiste feidhme anonn go dtí 25/8/’66 nuair a socraíodh an scoil do chlárú ina Cara- chumann dár theidiol Meán-scoil San Nioclás.   Comhthoghadh Séamus Ó Braonáin B.A. agus Eibhlín Nic Craith (Bn. Ni Dhonnchadha) B.A. ina scairshealbhóirí 21/4/’69 agus cláríodh an cara-chumann 20/3/’70.   Cairde eile a bhí gníomhach ar son na scoile i ré a tionnsceanta ba ea Pádraig Ó Cochláin, Mícheál Ó Bolguidhir agus an tAth Ó Gallchobhair, Canónach.

In Lughnasa 1959 d’ainmníodh Nioclás Mac Craith ina bhainisteoir agus ina ard-maighistear ar an Mheán-scoil agus is é féin agus Séamus Ó Braonáin a d’fháiltigh isteach roimh 33 scoláire 8/9/’59.   Bhí Áine ( Gile) Ní Fhoghludha ina teagaseóir tighis agus thugadh Pádraig Ó Conaire, priomh-oifigeach an Choiste Talamhaíochta ranganna sa talamhaíocht.

An bhliain dar gcionn tháinig Eibhlín Nic Craith ar an bhfoireann teagaisc agus shaothraigh Nioclás, Séamus agus Eibhlín ann nó gur thug an bás leis Séamus 24/4/’84 agus ba chreach thar creach an domhain don scoil a imeach aisti.

In Halla de Hindeberg, ar Bhóthar na Sop, ar aghaidh díreach an ionaid ina raibh an tsean mhean-scoil in 1906, seadh longuíodh an scoil in ’59.   Tógadh 4 sheomra nua scoile taobh leis an halla in 1968 agus sin suidhe na scoile go nuige so.

Ó Ghaedhealtacht na Rinne agus an tSean-Phobail formhór na scoláirí ach tagann roinnt ón Áird Mhór, ón nGráinsigh, Ó Chlais Mhór, ón dTuar, ón Eaglais, ón mBaile Nua, foth dhuine ó Dhún Gharbhán agus duine anois agus arís thar teorainn conndae isteach.   Ní beag de árdú é ar chéim oideachais na Gaedhealtachta agus ní beag de thaca leis an dteanga dhúthchais é 200 éigin de na scoláirí sin, gur as Gaedhealuinn amháin a teagascadh iad, do shroisint caighdeán na h- árd-teistiméireachta.

Ach scéal eile, le ghrafadh ag peann eile, is eadh scéal buaidh na scoile sin ina iomláine.

 

 

 

 

Rinn Ó gCuanach, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge • Téil: 058-46464 • Faics: 058 46540 • Ephost: info@meanscoil.com

Abhaile | Faoin Meanscoil | Seirbhísí Acadúla | Seach-churaclaim | Cartlann | Nuacht & Eachtraí | Teagmháil | Site Map

 

     Site Design: Ambit Ireland