![]() |
|
CEILIÚRADH THORTHAÍ SCRÚDUITHE Fuair daltaí na Meánscoile a dtorthaí scrúduithe don Teastas Sóisearach an Chéadaoin seo caite. Tar éis an feitheamh fada bhí lúcháir ar na scoláirí a gcuid torthaí a fháil. Bhí líon ard grád A- anna thar réimse leathan d’ábhair scoile. Guímid gach rath orthu agus iad ag tabhairt aghaidh ar chúrsa na hIdirbhliana. Comhgháirdeas leis na múinteoirí as an obair go léir a chuireann siad isteach go laethúil chun togha an oideachais a chur ar fáil do scoláirí na Meánscoile. Meánscoil San Nioclás students celebrated excellent Junior Certificate results last week.
Pictiúr : Daltaí na Meánscoile ag ceiliúradh thorthaí na scrúduithe. SEAS SUAS AGUS LABHAIR AMACH! Mar chuid de Sheachtain Frith- Bhulaíochta, tháinig Joe McGrath agus Thomas Farrell ó “Blue Rose Theatre Company” chun a ndrámaStand and Speak a chur i láthair do dhaltaí uile na scoile. Bhailigh siad na daltaí go léir i leathchiorcal timpeall orthu féin chun go mbeadh páirt níos lárnaí acu sa scéal. Mhínigh siad an ról a bhíonn ag daoine éagsúla i mbulaíocht i slí chruthaitheach, réalaíoch agus shoiléir. Chlúdaigh an dráma réimse leathan slite gur féidir bulaíocht a dhéanamh ar dhaoine – glaoch ainmneacha, bulaíocht fisiciúil, mí-úsaid ghutháin póca, MSN, Bebo agus Facebook, srl. Chuir sé gach a bhí i láthair ag smaoineamh faoin damáiste a dhéanann bulaíocht, go fisiciúil agus ó thaobh féin-mhuinín an duine de. Bhain na daltaí an- taitneamh as an gcur i láthair agus cheap siad go raibh sé fiúntach agus cabhrach. Joe McGrath and Thomas Farrell of “Blue Rose Theatre Company” presented the play Stand and Speak to the students of Meánscoil San Nioclás. In an energetic, thought-provoking performance, the actors explained the damage bullying causes physically, mentally and emotionally. They also emphasised the important role of the bystander in halting the work of the bully and in supporting the victim. COMÓRADH AN LEATH CHÉID Tá Meánscoil San Nioclás ag comóradh an leathchéid i mbliana. Glaoimid ar gach iar-scoláire teacht chun ceiliúradh linn ar an Satharn, 3ú Deireadh Fómhair. Beidh Aifreann ag a 6.00 i.n. agus oíche mhór sa scoil ina dhiaidh sin. Meánscoil San Nioclás will celebrate its 50 th Anniversary this year. All past pupils are invited to join in the celebrations on Saturday, 3 rd October. Mass will be celebrated at 6.00 pm, followed by oíche ceoil agus craic in the school. |
||
| Rinn Ó gCuanach, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge • Téil: 058-46464 • Faics: 058 46540 • Ephost: info@meanscoil.com | ||
Abhaile | Faoin Meanscoil | Seirbhísí Acadúla | Seach-churaclaim | Cartlann | Nuacht & Eachtraí | Teagmháil | Site Map