![]() |
|
LÁ EOLAÍOCHTA Tháinig slua mór daltaí bunscoile ar cuairt chuig Meánscoil San Nioclás le déanaí chun lán a súl a bhaint as na h- áiseanna iontacha atá le fail ann. Fuair siad blaiseadh den rogha leathan ábhar scoile atá ar fáil ann, idir adhmadóireacht, ealaín, spórt agus, dar ndóigh, eolaíocht. Tá ard-mholadh ag dul chuig daltaí na hIdirbhliana a chuir go mór leis an lá. Bhain siad lán-thaitneamh as an lá freisin. Primary school children gathered in Meánscoil San Nioclás to taste the wide range of subjects on offer there. Students sampled woodwork, art, sport and science. Ár mbuíochas leis na múinteoirí eolaíochta, Colette Ní Nuanáin agus Áine Uí Icí, chomh maith leis na múinteoirí eile a chabhraigh leo an lá a chur le chéile.
Aonghus Ó Raghnaigh, múinteoir Teicneolaíocht Ábhar Adhmad, ag taispeáint do dhaltaí bunscoile conas ingearán a dhéanamh. TRASNA NA dTONNTA Thaisteal Daltaí Bhliain a Ceathair go dtí An Trá Mhór chun lá a chaitheamh ag marcaíocht ar na tonnta agus ag surfáil. Ár mbuíochas leis na múinteoirí a chabhraigh leis an lá a eagrú. Transition Year students enjoyed a day’s surfing in Tramore recently.
Daltaí na hIdirbhliana ag baint taitnimh as an lá ag surfáil. TURAS TÍREOLAIS Chaith daltaí Bhliain a Sé lá ag tomhais na taoide ar an Trá Mhór mar chuid dá gcúrsa tíreolaíochta. Buíochas lena múinteoir Caitríona Mhic Uaid, as an lá a eagrú dóibh.
|
||
| Rinn Ó gCuanach, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge • Téil: 058-46464 • Faics: 058 46540 • Ephost: info@meanscoil.com | ||
Abhaile | Faoin Meanscoil | Seirbhísí Acadúla | Seach-churaclaim | Cartlann | Nuacht & Eachtraí | Teagmháil | Site Map