![]() |
|
MEÁNSCOIL SAN NIOCLÁS COMÓRTAS ROTHAÍOCHTA SEÁN KELLY Ghlac Séamus, Aisling, Sinéad agus Marc, Foireann Rothaíochta na Meánscoile, páirt sa “50km Seán Kelly Cycle” mar pháirt den Waterford Sports Partnership Seán Kelly Schools Challenge 2009. Mar chuid den dúshlán rinne siad traenáil sheachtainiúil in éineacht le baill Chlub Rothaíochta Dhún Garbhán agus, dar ndóigh, ghlac siad páirt sa rás ar an lá. Congratulations to Séamus, Aisling, Sinéad and Marc who represented Meánscoil San Nioclás in the 50km Seán Kelly Cycle recently. Chabhraigh Aisling agus Séamus freisin leis an Waterford Sports Partnership na “goodie bags” ar fad a phacáil agus a ullmhú don lá mór. Cómhgháirdeachas leo go léir. Séamus, Aisling, Sinéad agus Marc ag glacadh páirt i gComórtas RothaíochtaSeán Kelly. MEITHEAL NA MEÁNSCOILE Glaotar Meitheal ar an ngrúpa daltaí sinsearacha a chabhraíonn le Bliain a hAon socrú isteach ar scoil. Bíonn páirtnéir amháin ó Bhliain a hAon ag gach dalta sinsearach. Is iad na cuspóirí atá ag Meitheal ná aithne a chur ar na daltaí nua, cabhrú leo socrú isteach sa Mheánscoil, éisteacht leo má tá ceist nó fadhb acu agus dea-shampla a thabhairt dóibh dar ndóigh. Eagraítear ócáidí éágsúla go rialta chun deis a thabhairt dos na daltaí aithne níos fearr a chur ar a chéile. Is í Amelia Bean Uí Mhaidín an Comhordaitheoir Meithle i mbliana. D’eagraigh sí siúlóid go Ceann Heilbhic don dream ar fad an tseachtain seo caite. Chuaigh Máistir Ó Murchú in éineacht leo agus bhí cóisir bheag acu nuair a d’fhill siad ar an Meánscoil arís. Meitheal students from TY and 5 th Year met with their 1 st Year partners last week for a walk to Ceann Heilbhic. The occasion was organised by the school Meitheal Co-ordinator, Amelia Bean Uí Mhaidín. Guímid gach rath orthu san obair thábhachtach seo.
|
||
| Rinn Ó gCuanach, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge • Téil: 058-46464 • Faics: 058 46540 • Ephost: info@meanscoil.com | ||
Abhaile | Faoin Meanscoil | Seirbhísí Acadúla | Seach-churaclaim | Cartlann | Nuacht & Eachtraí | Teagmháil | Site Map