IMEACHTAÍ NA MEÁNSCOILE

AN MÁISTIR MAOL

Dhein Máistir Ó Raghnaigh agus daltaí na Meánscoile éacht le déanaí. Bhailigh siad €1,000 chun ceann a múinteora a mhaolú. Roinn siad an t-airgead idir Ospidéal Naomh Uinsinn, Baile Átha Cliath agus MS Ireland. Míle buíochas le gach éinne a chabhraigh leis an airgead a bhailiú do na h-eagraíochtaí fiúntacha seo.

STUDENTS RAISE €1,000 TO SHAVE BRAVE TEACHER’S HEAD

Meánscoil San Nioclás students recently joined forces with their woodwork teacher, Máistir Ó Raghnaigh, to raise much-needed funds for St. Vincent’s Hospital, Dublin and MS Ireland.

CEILIÚRADH NA NOLLAG DON J.C.S.P.

Oíche Luain seo caite bhí “Ceiliúradh na Nollag” ag daltaí Bhliain 1,2 agus 3 don J.C.S.P. Bhailigh slua mór tuismitheoirí, múinteoirí, clann agus cairde sa Mheánscoil ag a seacht a chlog chun tacú leis na daltaí. Tugadh aitheantas dóibh mar gur léigh siad sé leabhar ar a laghad i sé sheachtain. Ghlac na daltaí páirt sa dúshlán léitheoireachta chun a gcumais focal a fheabhsú agus chun a thaispeáint gur féidir leabhar a léamh in áit ar bith. Bronnadh duaiseanna agus dearbháin ó Easons orthu go léir agus bhí sóláistí ar fáil ag an deireadh. Ta ard-mholadh ag dul don mhúinteoir, Áine Ní Dhonnabháin, as an obair go léir a chuir sí isteach chun an oíche seo a chur i gcrích.

Students of 1 st, 2 nd and 3 rd Year gathered in Meánscoil San Nioclás for a Christmas celebration of their J.C.S.P. endeavours. The students have just completed a reading challenge, “Drop Everything and Read”, where they successfully read 6 books in a 6 week period. They were also presented with Maths Certificates. The celebration was organised by the J.C.S.P. Co-ordinator, Áine Ní Dhonnabháin.

Beannachtaí na Nollag oraibh go léir.

 
Máistir Ó Raghnaigh Maol: Rachel (Bl. 3) ag bearradh gruaig a múinteora.

 
Is féidir leabhar a léamh i ngach áit: Cormac, Fearghal (Bl. 2) agus Fear a’ Phoist.

 
Martha, Vanessa, Gillian, Lauren agus Ciara ag Ceiliúradh Nollag J.C.S.P.


Chris, Clár agus daltaí na Meánscoile ag ullmhú don Nollaig.

 

Rinn Ó gCuanach, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge • Teil: 058-46464 • Faics: 058 46540 • Ephost: runai@meanscoil.com

Abhaile | Faoin Meánscoil | Seirbhísí Acadúla | Seach-churaclaim | Cartlann | Nuacht & Eachtraí | Teagmháil | Site Map

 

Site Design: Ambit Ireland