LÁ FHÉILE BHRÍDE I MEÁNSCOIL SAN NIOCLÁS

Thit Lá Fhéile Bhríde ar an Luan, an chéad lá de Mí na Feabhra, an chéad la den Earrach. Tá sé de nós ag daoine brat nó ciarsúr a fhágáil taobh amuigh den tigh thar oíche, an oíche roimh ré, i dtreo is go ndéanfadh Naomh Bríd é a bheannú ar a slí thart. Nós eile atá ag daoine ná Cros Bhríde a dhéanamh as luachair. Ní ghearrtar iad, déantar iad a tharraingt. Sna seanlaethanta crochadh an cros ó na rachtaí sa tigh chun galar, oilc agus tine a choimeád ó dhoras. Tháinig Mícheál Ó Máirtín ar cuairt chugainn an tseachtain seo caite chun an scil seo a mhúineadh do dhaltaí Bhliain a hAon. Ár mbuíochas leis, agus le hIníon Ciara Uí Mháirtín, as an ócáid seo a eagrú.

On St. Bridget’s Day last week Mr. Mícheál Ó Máirtín visited Meánscoil San Nioclás to teach First Year students how to make St. Bridget’s Crosses. This event was organised by Iníon Ciara Uí Mháirtín.

A Naoimh Bhríd, a Mhuire na nGael, scar orainn do bhrat.


Clare agus Aoife ag taispeáint na Crosa Bríde a dhear siad le cabhair ó Mhícheál Ó Máirtín.


Katie, Dearbhla, Lauren agus Libby lan-sásta le torthaí a gcuid saothar.

 


Shona agus Vanessa i mbun oibre.

 

Rinn Ó gCuanach, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge • Téil: 058-46464 • Faics: 058 46540 • Ephost: info@meanscoil.com

Abhaile | Faoin Meanscoil | Seirbhísí Acadúla | Seach-churaclaim | Cartlann | Nuacht & Eachtraí | Teagmháil | Site Map

 

Site Design: Ambit Ireland