![]() |
|
SLUA MÓR AG MAIDIN OSCAILTE MHEÁNSCOIL SAN NIOCLÁS Bhailigh slua mór isteach i Meánscoil San Nioclás maidin Shathairn seo caite, an 23ú Eanáir, chun lán a súl a bhaint as áiseanna nua-aimseartha na Meánscoile. Bhí na múinteorí ann, le cabhair ó dhaltaí na scoile, chun tuismitheoirí agus daltaí nua a thionlacan timpeall agus saol na Meánscoile a bhlaiseadh dóibh fhéin. Bhí taispeántaisí ó na h-ábhair éagsúla agus d’fhreagair na daltaí agus na múinteoirí aon cheist a bhí ag ár gcuairteoirí. Chruinnigh an slua isteach sa Lár ag a h-aon déag, áit a chuir Áine Ó Ceallaigh, Príomhoide na Meánscoile, failte rompu agus sholéirigh sí buanna na Meánscoile dóibh. Chuir Coiste na dTuismitheoiri tae agus sóláistí ar fáil freisin. A large crowd of parents and prospective students gathered in Meánscoil San Nioclás on Saturday last to experience for themselves the wonderful facilities that are available in the school. Teachers and students accompanied groups around the school and were at hand to clarify any questions that may have arisen. Áine Ó Ceallaigh, Príomhoide, welcomed the gathering and outlined the many benefits of education through the medium of Irish. The Parents Council provided refreshments also. Mile buíochas le gach éinne a chabhraigh leis an Maidin Oscailte a chur le chéile.
|
||
| Rinn Ó gCuanach, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge • Téil: 058-46464 • Faics: 058 46540 • Ephost: info@meanscoil.com | ||
Abhaile | Faoin Meanscoil | Seirbhísí Acadúla | Seach-churaclaim | Cartlann | Nuacht & Eachtraí | Teagmháil | Site Map