![]() |
DUAIS BUAITE AG MION-CHOMHLACHT NA MEÁNSCOILEGhlac scoláirí na hIdirbhliana páirt i gComórtas Mhion-Chomhlachta i gColáiste Naomh Auguistín le déanaí. Bhí an comórtas seo urraithe ag Bord Fiontair Phort Láirge. Is é aidhm an chomórtais seo ná scileanna fiontair agus foirne a chleachtadh trí mhion-chomhlacht a bhunú agus a rith. I measc na gcomhlachtaí a bhí ag daltaí na Meánscoile bhí “Chocolate Treats”, comhlacht a dhíol seacláid te ag am sosa, “Na Gliomaigh”, a d’eagraigh comórtas Wii ag am lóin, “Bia Blasta”, a dhein sóláistí, agus “Cois Cuan”, a dhíol málaí spóirt agus hoodies. Ar lá an chomórtais, bhí ar na scoláirí taispeántas a chur i láthair agus labhairt leis na breithimh mar gheall ar an gcoincheap a bhí acu. Bhí lá iontach ag na scoláirí ar fad, agus sa deireadh thiar bhuaigh “Cois Cuan” an duais airgead. Cómhgháirdeachas le Muireann, Emily, Erika, Tammy agus Sinéad agus lena múinteoir, Iníon Uí Fhathaigh, as an éacht seo. TY students recently took part in the Co. Waterford Enterprise Awards in St. Augustine’s College. The students devised and ran a variety of mini companies. On the day, the students displayed their products and spoke to a team of judges about their ideas and how their companies were formed and functioned. “Cois Cuan” received a prize for their work. Congratulations to all students who took part and to their teacher, Iníon Uí Fhathaigh. Muireann, Erika, Sinéad, Tammy agus Emily lena dtaispeántas, “Cois Cuan”, a bhuaigh duais airgead ag an gComórtas Mhion-Chomhlachta. Muiris, Grace, Niall, Kate agus Aisling agus a mion-chomhlacht “Chocolate Treats”.
BUA AG MEÁNSCOIL SAN NIOCLÁS SAN IOMÁINT FAOI 14
Bhí bua iontach ag buachaillí na Meánscoile ar Choláiste Phobail Naomh Pól le déanaí. D’imir buachaillí ó Bhlianta 1 agus 2 sa chomórtas seo, agus leis an bua seo rachaidh buachaillí na Meánscoile ar aghaidh go dtí an leathchraobh (Roinn B) i gcoinne Cnoc Síon. D’imir Fearghal Ó Ceallaigh ar fheabhas mar lán-tosach agus bhí Pax Ó Faoláin go h-iontach sna cúlaithe. MSN: Nioclás Ó Condúin, Pax Ó Faoláin, Cormac Mac Murchú, Niall Denmead, Jamie de Barún, Conor Mac Diarmada, Tomás de Paor, Fearghal Ó Cuirrín, Fearghal Ó Ceallaigh, Dylan Tóibín, Páraic Ó Lonáin, Darren Ó hUallacháin. Tá an fhoireann chéanna sa Chluiche Ceannais i Roinn C. Cómhghairdeachas leis na buachaillí agus lena mbainisteoir, Máistir Ó Raghnaigh.
Meánscoil San Nioclás boys had a well deserved victory over St. Paul’s Community College in the 1 st and 2 nd Year Tournament recently. This win secures a place for the team in the semi-final of Roinn B against Mount Sion. Congratulations to the boys and their bainisteoir, Máistir Ó Raghnaigh. This team will also contest the Roinn C Final. Go n-éirí an t-ádh leo.
|
||
| Rinn Ó gCuanach, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge • Teil: 058-46464 • Faics: 058 46540 • Ephost: runai@meanscoil.com | ||
Abhaile | Faoin Meánscoil | Seirbhísí Acadúla | Seach-churaclaim | Cartlann | Nuacht & Eachtraí | Teagmháil | Site Map