CRAOBH AN CHONTAE AG BUACHAILLÍ NA MEÁNSCOILE

Fuair buachaillí na Meánscoile an lámh in uachtar ar Chnoc Síon Dé Céadaoin seo caite

i gCluiche Ceannais na hIomána, Roinn C. Bhí an chéad leath cothrom go leor, le tréimhsí maithe iomána i bPáirc Uí Shíochain na Rinne, ach bhí lucht tacaíochta na Rinne dóchasach. Thosaigh buachaillí na Meánscoile go tréan sa darna leath. B’iad siúd a d’imir an iomáint ar fad le taispeántaisí iontacha ó Chormac Mac Murchú, Fearghal Ó Ceallaigh agus Fearghal Ó Cuirrín. Cé go bhfuair Cnoc Síon cúl déanach a chuir cruth níos fearr ar an scéal, i ndáiríre bhí an bua seo tuillte go maith ag buachaillí 1 agus 2 na Meánscoile.

MSN: Nioclás Ó Condúin, Pax Ó Faoláin, Cormac Mac Murchú, Niall Denmead, Jamie de Barún, Conor Mac Diarmada, Tomás de Paor, Fearghal Ó Cuirrín (1-5), Fearghal Ó Ceallaigh (1-4), Dylan Tóibín (1-0), Páraic Ó Lonáin (0-1), Darren Ó hUallacháin.

Beidh an fhoireann chéanna ag imirt sa Chluiche Ceannais, Roinn B ar an gCéadaoin, 3ú Márta i gcoinne Coláiste De la Salle. Cómhghairdeachas leis na buachaillí agus lena mbainisteoir, Máistir Ó Raghnaigh. Guímid gath rath orthu sa chéad Chluiche Ceannais eile.

Meánscoil San Nioclás boys had a well deserved victory over Mount Sion in the 1 st and 2 nd Year Roinn C Tournament Final recently. Congratulations to the boys and their bainisteoir, Máistir Ó Raghnaigh. This team will also contest the Roinn B Final on Wednesday 3 rd March in Walsh Park. Go n-éirí an t-ádh leo.

CILL CHAINNIGH GO DTÍ AN GHAELTACHT

Tháinig 40 dalta lena múinteoirí ó Choláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh ar cuairt chuig Meánscoil San Nioclás le déanaí. Bhí an turas idir-scoileanna seo eagraithe ag Iníon Máire Uí Chathasaigh agus Áine Bean Uí Cheallaigh, Príomhoide. Is Gaelcholáiste beag é Coláiste Pobail Osraí i gceartlár Chathair Chill Chainnigh. Níl aon fhoirgneamh buan acu féin go fóill. Cuireadh fáilte mhór rompu chuig an Meánscoil agus bhí tráth na gceist, cluichí, céilí agus seisiún ceoil acu. Meascadh suas na foirne idir an dá scoil agus bhí na ceisteanna bunaithe ar stair, tír eolais, eolaíocht agus eacnamaíocht bhaile. Bhí lá iontach acu i dteannta daltaí Bhlianta 1 agus 2 na Meánscoile. Cheap siad go raibh ár scoil go hálainn, le suíomh iontach agus radharc dochreidte.

Meanscoil San Nioclás welcomed students and teachers from Coláiste Pobail Osraí, Kilkenny recently. They enjoyed partaking in a table quiz, games, a céilí and a seisiún ceoil.

“Faigh Arís Mo Chrúiscín!”: Daltaí Bhlianta 1 agus 2 ag glacadh páirt sa seisiún ceoil idirscoileanna.

 

Daltaí Choláiste Pobail Osraí ag cleachtadh na gcéimeanna le daltaí na Meánscoile.

 

Preab a hAon! Ag baint taitnimh as an gcéilí.

 

 

 

 

Rinn Ó gCuanach, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge • Téil: 058-46464 • Faics: 058 46540 • Ephost: info@meanscoil.com

Abhaile | Faoin Meanscoil | Seirbhísí Acadúla | Seach-churaclaim | Cartlann | Nuacht & Eachtraí | Teagmháil | Site Map

 

Site Design: Ambit Ireland