Gníomhaíochtaí: (Natalie de Búrca & Muireann Ní Mhurchadha).


Chun an tionscnamh seo a chur i gcrích bhí orainn gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh. An cheann is mó ná an físeán a dhéanamh.

  • Bhí cúig míreanna i gceist leis an bhfíseán chun mion-chultúr na hÉireann a thaispeáint. Dheineamar taispeántas spóirt, ceoil, céilí, amhránaíocht agus damhsa. Ghlac gach éinne bainteach leis an dtionscnamh páirt sa físeán, le cúpla daoine eile san áireamh.

  • Ceann dos na tascanna eile a bhí ann ná suíomh Facebook a chur ar bun chun ceangailt a bheith againn leis na tíortha éagsúla atá sa tionscnamh chomh maith. Ar an suíomh Facebook, chuireamar sinn féin in iúl dos na daoine eile agus chuireamar aithne ar na daltaí eile sa tionscnamh.

  • Nuair a thugamar cuairt ar na tíortha eile, bhí orainn taispeántas a dhéanamh faoi topaic amháin a bhí roghnaithe againn féin m.sh. spórt na hÉireann agus an Ghaeilge mar mion-theanga.

  • I ndiaidh na turasanna bhí orainn "blog" a scríobh fúthú agus an dearcadh a bhí againn maidir leis an dtionscnamh a léiriú. Mar is léir ó na pointí thuas, bhí go leor obair i gceist!

 

 

Rinn Ó gCuanach, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge • Teil: 058-46464 • Faics: 058 46540 • Ephost: runai@meanscoil.com

Abhaile | Faoin Meánscoil | Seirbhísí Acadúla | Seach-churaclaim | Cartlann | Nuacht & Eachtraí | Teagmháil | Site Map

 

Site Design: Ambit Ireland