Tá roinnt daltaí ag glacadh páirt i dtionscnamh Comenius i mbliana atá á rith ag an Aontas Eorpach. Tugann an tionscnamh seo deis do dhaltaí nasc a dhéanamh le daltaí eile san Eorap le foghlam faoin gcultúr atá acu. Tá grúpaí san Iorua, sa Spáinn agus sa Bhulgáir ag glacadh páirt freisin agus beidh cuairt á thabhairt ag na daltaí ar a chéile mar chuid den tionscnamh.