Maidin Chaife don Ospís
D’éirigh go hiontach leis an mhaidin chaife sa scoil a d’eagraigh an Máistir ó Murchú agus Bliain a 4. Bailíodh €500.90 ar son Ospís Phort Láirge.
Thug daltaí na scoile rudaí ar nós malaí tae, caifé agus brioscaí srl. isteach go deonach. Bhí cupán tae agus caifé ar fad sa lár ag gach rang ar an lá. Bhuail tuismitheoirí agus muintir an pharóiste isteach chun cupán caife a ól linn.
Buíochas leis an scoil agus an pobal a thug tacaíocht don mhaidin
Ceol Buaileann an grúpa ceoil tradisiúnta le chéile gach Máirt tar éis scoile ag leathuair tar éis a trí. Ansin ag 4.30 tosnóidh an grúpa pop. Tá Iníon Ní Fhathaigh i gceannas ar an ngrúpa. Na huirlisí ceoile atá ann ná na Veidhlín, Concertina, Bosca Ceoil, Giotar, Drumaí agus na Feadóig Stáine. Tá an grúpa ag cleachtadh is ag cóiriú píosaí ceoil chun páirt a ghlacadh i gceolchoirm na scoile is gcomórtais áirithe. Tá an Grúpa Tradisiúnta ag déanamh an Comórtas Siansa, Gael Linn i mí na Samhna. Beidh orthu CD 12 nóiméad de cheol a thaifead don chéad bhabhta. Tar éis na Nollag beidh said ag ghlacadh páirte i Scléip. Tá comórtais aonair, pop, trad agus grúpaí pop & trad. |