Rialacha Scoile - School Rules - Iompar Scoile

Beidh gach dalta i gcónaí Críostúil, uasal ina n-iompar.  Molfar macántacht, oscailteacht agus iarracht.

  1. Déanfaidh gach dalta a ndícheall maidir le labhairt na Gaeilge – cleachtóidh siad an cumas atá acu.

  2. Léireoidh na daltaí meas ar fhoireann na scoile, cuairteoirí, a gcomhscoláirí agus ar mhaoin na scoile.  Déanfaidh siad a ndícheall ethos na meánscoile a chaomhnú i gcónaí.

  3. Cuirfear ar fionnraí láithreach aon dalta a úsáideann drugaí nó alcól, nó go mbíonn siad ina seilbh acu, agus iad fé chúram na scoile.

  4. Níl cead toitíní , lasáin, MP3 (nó aon ghléas leictreoneach seinnte ceoil), guma coganta, maircéirí nó Tippex a bheith ag aon dalta.  Níl cead guthán póca a bheith ag daltaí sa scoil ach i gcásanna fíor eisceachtúla a bhíonn mínithe i scríbhinn roimh ré.  Níl cead ríomhaire a úsáid gan cárta sínithe.

  5. Beidh obair bhaile déanta go néata agus in am.

  6. Beidh daltaí ar scoil roimh 8.55 agus fanfaidh siad sa scoil go dtí go ndúnann sí.  Fanfaidh daltaí taobh istigh de gheataí na scoile i rith an lae scoile, nó fé smacht an mhúinteora.

  7. Beidh na leabharcha, an éide agus an trealamh ceart acu do gach rang.

  8. Beidh an dalta ar scoil gach lá scoile.  Má tá dalta le bheith as láthair nó tar éis a bheith as láthair, míneofar an chúis le nóta.

  9. Bíodh bosca lóin lena (h)ainm air ag gach dalta.  Tógtar abhaile aon bhruscar.

  10. Déanfaidh gach dalta seal i bhfeighil gloineacht an halla, an tseomra ranga agus tailte na scoile.

  11. Níl cead ithe ná ól riamh istigh i seomra ranga.  

Download School Rules in Word Document Format

Rinn Ó gCuanach, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge • Téil: 058-46464 • Faics: 058 46540 • Ephost: runai@meanscoil.com

Abhaile | Faoin Mheánscoil | Seirbhísí Acadúla | Seach-churaclam | Cartlann | Nuacht & Eachtraí | Teagmháil | Site Map

 

Site Design: Ambit Ireland