Tá Staidéar Foirgníochta ar siúl sa scoil mar chuid den curaclam Ardteiste. De ghnáth roghnaíonn daltaí an ábhar a dhéanamh tar éis Teicneolaíocht Ábhar Adhmad a dhéanamh don Teastas Soisireach, cé nach bhfuil sé seo mar riachtanas.
Oireann an ábhar do dhaltaí dhíograsacha atá suim acu obair thionscnaimh a dhéanamh. Go minic téann daltaí Foirgníochta ar aghaidh chun Ailtireacht, Innealtóireacht, Pleanáil nó Suirbhéireacht a dhéanamh san Ollscoil.